Sunday, February 11, 2007

Smaointe Mhancháin faoin dteanga

Manchán's thoughts on Irish for Lá Newspaper:

Cén fáth Gaeilge?
17ú Eanáir 2007

Cad iad mo thuairimí faoin nGaeilge? Osclaíonn mo bhéal agus tá an oiread sin smaointe réidh le stealladh amach gur deacair ceann amháin a roghnú. Táim i ngrá léi, táim bréan di, tá amhras orm fúithi, tá trua agam di, tá dóchas lag agam aisti. Is dócha gurb í an phríomhthuairim a ritheann liom ná go bhfuilim réidh anois, ar deireadh thiar thall, glacadh lena cinniúint, cuma maith nó olc í. Glacfaidh mé léi go toilteanach stuama más deireadh ré féin atá in ann di. (Ní chreidim go bhfuil a mhalairt de rogha agam ach glacadh leis.) Ach cinnte, ní hé sin atá uaim. Chaith mo mháthair chríonna, Síghle Humphreys, a saol ag troid ar son na teanga, agus nfheadar ar deireadh an ndearna sí aon pioc difríochta. Braithim go gcaithfear cloí le toil an phobail i gcásanna den sórt. Ar chúis amháin nó cúis eile, tá an pobal ag casadh a ndroim ar an dteanga. Is amhlaidh go bhfuil gné shíceolaíoch éigin go smior ionainn a chuireann brú orainn an teanga a dhiúltú ar scoil. Cuirtear an milleán ar an gcóras oideachais go minic, ach ní fheicim conas a d'fhéadfadh sé a bheith ciontach ar fad. Gach seans go bhfuil modhanna beagán níos fearr le í a mhúineadh ach conas a bheadh na modhanna a úsáidtear anois chomh holc sin go dteipeann ar formhór daoine teacht ar aon sórt líofachta in aon chor tar éis deich mbliana ag staidéar?Sílim gurb í an phríomhchúis go dteipeann orainn í a fhoghlaim ná nach dteastaíonn uainn. Rud síceolaíoch atá i gceist. Rud éigin bain-teach le cuimhneamh fo-chomhfhiosach na tíre, bfhéidir. Tá an Ghaeilge bainteach le gnéithe diúltacha cruatan, anró, éagóir, achrann. Ní haon ionadh nach bhfáiscimid chuig ár gcroíthe í.An bhfuil aon dul as seo? Sílim nach raibh go dtí le gairid. Chomh fada is a bhí an clú ar Éirinn gur tír bhocht í, ní raibh mórán a mheallfadh duine ar ais chuig an dteanga. Bhí an dúil ionainn gluaiseacht chun cinn róláidir le haird a thabhairt ar nithe gan tábhacht. Bhí cuimhneamh na milliúin duine a chailleamar sa Ghorta róchumhachtach ionainn chun ligean dúinn ár n-aird a chasadh ar aon rud nach raibh bainteach go smior leis an sracadh chun maireachtála. Seasamh na dtréan a bhí i gceist agus ba é an Béarla a bhí uachtarach. Mar sin, ní go dtí deich mbliana ó shin a bhí aon seans ar bith go dtosódh an athbheochan.An rud eile a bhí ag cur sriain ar an bpróiseas, i mo thuairim, ná an bhaint a nascadh idir an teanga agus achrann sa Tuaisceart. Tugadh le fios go raibh ceangal idir caint na Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht agus feachtas an IRA, nó ar a laghad, polaitíocht Shinn Féin. Thruailligh sé an teanga i súile áirithe. Lasmuigh den Tuaisceart, bhí leisce ar daoine í a fhoghlaim ar eagla go mbeadh míthuiscint faoi na cúiseanna a bhí leis. Agus mar sin, chomh fada is a lean an troid, ba bheag seans go n athnuafaí an teanga. Ní fhaca mé go raibh aon dul as ach glacadh lena bás. Chruaigh mé mo chroí chuici mar chosaint ón imní.Anois, den chéad uair le fada, tá seans go n-athróidh rudaí. B’fhéidir go bhfuilimid ag tógaint na gcéad chéimeanna i dtreo na hathbheochana. Má tá, caithfidh mé athbhreithniú a dhéanamh ar mo thuairimí go léir.Ní hé go raibh mé riamh ina coinne ach tháinig amhras orm fúithi agus stop mé á labhairt, toisc, leis an fhírinne a insint, nach raibh éinne ann ar theastaigh uaim í a labhairt leis. Níor chas mé mo dhroim riamh ar an dteanga go hiomlán - cé gur stop mé ag labhairt Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, níor stop mé riamh ag scríobh. Tá dhá leabhar taistil de mo chuid foilsithe ag Coiscéim agus beidh leabhar eile á scríobh i mbliana agam úrscéal. Ach ba dheacair dom míniú do éinne cén fáth a ndéanaim é. Chomh fada agus is eol dom, níor léigh ach timpeall deichniúr an chéad dá leabhar. Bhuail mé le ceathrar acusan bean an fhoilsitheora agus a mac beirt acu. I slí amháin, is díomhaointeas atá i gceist a bheith ag scríobh as Gaeilge, ach fós ní féidir liom é a stop. Tá dúil agam ann. Bfhéidir gur feachtas cogaidh pearsanta de mo chuid féin atá i gceist - go bhfuilim ag leanúint troid mo sheanmháthar. Os rud é go raibh sí sásta trí bliana dá saol a chur ar ceal i bpríosún ar son na cúise, ní fheicim go bhfuil de rogha agam ach cúpla mí a chaitheamh gach bliain ag scríobh leabhair nach léifear. Braithim go mb’fhéidir gur sórt cothú anama don teanga atá ann i slí éigin.Ach an cheist is mó a bhíonn de shíor do mo chiapadh ná an dteastaíonn an teanga maireachtáil in aon chor? B’fhéidir go bhfuil sí tagtha go deireadh a saoil, agus gur cheart dúinne glacadh leis seo go cróga. Tá sí tar éis feidhmiú leis na mílte bliain i bhfad níos faide ná formhór teangacha bfhéidir go bhfuil sí spíonta, traochta anois, ag teacht go nádúrtha go deireadh a saoil. Níl uaithi ach go scaoilfear saor í. Cruthaíodh agus múnlaíodh í do shochaí iomlán difriúil sochaí atá imithe anois, buíochas leis na déithe. Tá ré iontach, oscailte, nua romhainn anois, lán dfhéidearthachtaí nár samhlaíodh riamh cheana. Tá turas úr romhainn, agus ní féidir linn ár gcuid giuirléidí seanchaite go léir a thabhairt linn. Tá teanga freacnarcach, aclaí, acmhainneach, óg againn sa Bhéarla, agus ní féidir liomsa a bheith cinnte nach bhfuil sé in am dúinn ár ndílseacht a chasadh ina threo.
© Lá www.nuacht.com

Labels: